+44 28 9045 8560

Fáilte chuig an nuachtlitir nua seo!

Sa nuachtlitir seo, gheobhaidh tú eolas faoi imeachtaí a bheas ag teacht aníos in Turas chomh maith le cúpla ábhar eile a mbeidh suim agaibh iontu.

Tá súil againn go mbainfidh sibh idir shult agus thairbhe as an nuachtán seo agus go mbeidh sé ina chuidiú daoibh agus sibh ag foghlaim na Gaeilge.

Seachtain na Gaeilge

Is féile í Seachtain na Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge trí imeachtaí fud fad na hÉireann agus ar fud an domhain fosta. Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1902 agus in ainneoin ainm na féile, cuirtear tús leis ar an 1ú lá de mhí an Mhárta agus maireann sé go dtí an 17ú lá den mhí sin – lá Fhéile Pádraig! Beidh imeachtaí ann in achan chearn de Bhéal Feirste mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Oíche Scannáin

Behdi Oíche Scannáin againn ar 07/03/25 in Turas ar 19:00.

Beidh gearrscannán agus cúpla smailc ann agus ansin amharcfaidh muid ar An Cailín Ciúin. Bígí linn! Tá ticéid (saor in aisce) ar fáil.

Ceardlann – Briathra na Gaeilge

Beidh Stiofán ag déanamh Ceardlann ar líne, Dé Sathairn 08/03/25 agus is féidir libh clárú. (ní bheidh ort freastal ar achan seisiún ach tá fearadh na fáilte romhat freastal orthu uilig más maith). Beidh an t-imeacht seo saor mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Turas chun na Gaeltachta

Bhí deis ag thart faoi thrí mheantóir déag dul chun na Gaeltachta ar feadh deireadh seachtaine chun snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhí an turas seo eagraithe ag Cairde Turas le maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Nuair a d’imigh muid tráthnóna Dé hAoine, an 21ú lá de mhí Feabhra, bhí tionchar na stoirme fós le mothú. Nuair a bhí muid ar ár mbealach, druideadh Bóthar Ghleann Sheáin, agus chuir seo cúpla uair an chloig leis an turas go Dún na nGall ach sa deireadh thiar thall, bhain muid Teach Jack amach i nGaoth Dobhair.

Bhí deis againn ár scíth a ligint san oíche agus d’ith muid béile deas le chéile sa bheár. Bhí comhrá againn ar feadh tamaill agus chuaigh muid a luí go luath ionas go mbeadh muid réidh do na ranganna Dé Sathairn. Mhúscail muid moch ar maidin, agus tháinig muid anuas an staighre agus isteach chuig an bhialann fá choinne bricfeasta. Cuireadh tús leis na ranganna ar a deich a chlog. Bhí an t-ádh orainn go raibh cainteoir dúchais Gaeilge dár dteagasc chomh maith le Cormac Ó Coinn, fear as Ard Mhacha atá ina chónaí sa Ghaeltacht le fada an lá.

Bhí scoth na ranganna againn agus i ndiaidh dúinn greim lóin a ithe, chuaigh muid uilig isteach sa bhus agus ar aghaidh linn chuig Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Thug Cormac cur síos dúinn ar na gairdíní, ar an chaisleán agus ar na daoine a raibh cónaí orthu ann.

Bhí an aimsir galánta Dé Sathairn ach tháinig an drochaimsir ar ais Dé Domhnaigh! D’ith muid ár mbricfeasta, d’fhreastail muid ár na ranganna, bhí lón againn agus thug muid ár mbuíochas le Cormac agus le Foireann Theach Jack.

Tugann imeachtaí mar seo deis dár meantóirí teach le chéile chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus chun Gaeilge a labhairt le muintir na háite, agus fiú i ndiaidh deireadh seachtaine amháin, tá an dea-thionchar a imríonn an Ghaeltacht ar ár gcuid Gaeilge le mothú.

Welcome to our new newsletter!

In this newsletter, you will find information regarding upcoming events happening within Turas as well as a few other topics which will interest you.

We hope that you will enjoy this newsletter, find it useful and that it will be helpful to you as you learn Irish.

Seachtain na Gaeilge

It is a festival comprising a range of events to celebrate the Irish language not only throughout Ireland but also throughout the world. Seachtain na Gaeilge started in 1902 and despite the name of the festival, it begins on the 1st of March and lasts until the 17th of that month – St Patrick’s day! There will be events taking place all over Belfast as part of Seachtain na Gaeilge.

Movie Night

We are having a Movie Night on 07/03/2025 in Turas at 7pm.

There will be a short film and a few snacks and then we will watch ‘An Cailín Ciúin’. We hope to see you there! The tickets (free of charge) are available.

Workshop

Stiofán will be doing a workshop online – Saturday 08/03/25 and you can register here. You will not have to attend allthe sessions but you are more than welcome to attend them all if you wish. This even will be free as part of Seachtain na Gaeilge.

Trip to the Gaeltacht

Around thirteen mentors had the opportunity to go to the Gaeleacht for a weekend o improve their Irish. This trip was organised by Cairde Turas with funding from the Department of Foreign Affairs. When we left on Friday evening, the 21st February, the impact of the storm was still being felt. While on our way, we learned that the Glenshane Pass was closed which of course added a few hours on to the tip to Donegal, but eventually we reached Teach Jack in Gweedore.

We had a chance to relax at night and we had a meal together in the bar. We chatted and went to bed early to make sure we would be ready for the classes on Saturday. We woke up early the next morning and met downstairs in the restaurant for breakfast. The classes started at 10am. We were lucky enough to have a native speaker teach us as well as Cormac Ó Coinn, a man from Armagh who has lived in the Gaeltacht for years.

our classes were great and after a bite to eat, we all got on the bus and headed to Glenveagh National Park. Cormac gave us a talk on the gardens, on the castle and on the people who lived there.

The weather was beautiful on Saturday but the bad weather returned on Sunday! We ate our breakfast, attended our classes, had lunch and thanked Cormac and the Teach Jack Team.

Events like this give our mentors an opportunity to come together to practice their Irish and to speak Irish with the locals, and even after a weekend, the positive impact that the Gaeltacht has on our Irish can be felt.