+44 28 9045 8560

Seo féile nua a dhéanfaidh ceiliúradh ar athbheochan na Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste. 

This is a new festival that will celebrate the revival of the Irish language in east Belfast. 

Tá sé ainmnithe in ómós do Shomhairle Ó Briosáin, dochtúir a raibh cónaí air sa cheantar seo dhá chéad bliain ó shin (tá Bryson Street ainmnithe in ómós dó) agus a bhí gníomhach ar son athbheochan na Gaeilge.

It is named after Samuel Bryson, a doctor who lived in this area 200 years ago (Bryson Street is named after him) and who was active in the revival of the Irish language. 

Beidh seachtain d’imeachtaí againn chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge. 

We will have a week of events to give people the opportunity to practice their Irish and to celebrate the revival of the Irish language.

Imeachtaí na Féile - The Festival events

Dé hAoine/Friday 06.06.25 – Turas 19:00 – 21:00 – Seoladh na Féile/Festival launch

Cuirfear tús leis an fhéile agus tabharfar caint ghairid ar shaol Shomhairle Uí Bhriosáin agus ar athbheochan na Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste – imeacht dátheangach a bheas ann. 

The festival will begin and there will be a short talk on Samuel Bryson’s life and the revival of the Irish language in east Belfast – This will be a bi-lingual event. 

Dé Sathairn/Saturday 07.06.25 – An bealach glas (Cearnóg CS Lewis)/ The Greenway (CS Lewis Square) – 11:00 – 13:00 – Cuaird agus Comhrá/A loop and a chat

Déanfar siúlóid chun comhrá Gaeilge a spreagadh agus chun giota beag aclaíochta a dhéanamh fosta. Imeacht i nGaeilge a bheas ann ach tá fáilte roimh achan duine!

A loop and a chat – We will do a walk to get people chatting and to do a little bit of exercise as well. This will be an irish language event but all are welcome!

Dé Sathairn/Saturday 07.06.25 – Turas 19:00 – 21:00 – Oíche Scéalaíochta/Storytelling evening

Tá traidisiún na scéalaíochta lárnach i gcultúr na nGael. Cloisfear scéalta a chum ár bhfoghlaimeoirí féin. Imeacht i nGaeilge a bheas ann ach tá fearadh na fáilte roimh achan duine. Beidh iontas ort an méid a thuigeann tú agus daoine i mbun scéalaíochta, fiú muna bhfuil Gaeilge líofa agat. 

The storytelling tradition is central to Gaelic culture. We will hear stories that our own learners have created. This will be an Irish-language event but all are welcome. You will be surprised now much you understand when people are telling their stories, even if you don’t have fluent Irish. 


Dé Domhnaigh/Sunday 08.06.25 – Turas – 13:00 – 15:00 – Turas Bus/Bus tour

Tá stair shaibhir Ghaelach bainte le hoirthear Bhéal Feirste. Tabharfaidh muid cuairt ar na suíomhanna a bhaineann leis an stair iontach seo. Turas bus i nGaeilge a bheas ann ach moltar do dhaoine ón mheánrang íochtarach ar aghaidh freastal air. Tuigfidh tú i bhfad níos mó ná a bheifeá ag dúil leis. Ticéid: https://turasbelfast.com/event/gaelic-east-belfast-bus-tour-8th-june-2025-as-gaeilge/

There is a rich Gaelic history associated with east Belfast. We will visit the sites associated with this wonderful history. This will be a bus tour in Irish but anyone from lower intermediate class and above is encouraged to attend. You will understand a lot more than you would expect. Tickets: https://turasbelfast.com/event/gaelic-east-belfast-bus-tour-8th-june-2025-as-gaeilge/

Dé luain/Monday 09.06.25 – Turas – 12:00 – 13:00 – Seoladh thaispeántas ealaíne Scoil na Seolta/Launch of the Scoil na Seolta art display

Tá Turas iontach bródúil as Scoil na Seolta, an chéad Ghaelscoil imeasctha in oirthear Bhéal Feirste. Tugann Turas tacaíocht don scoil iontach seo agus tá lúcháir orainn go mbeidh cuid d’ealaíne na scoláirí le feiceáil in Turas don chéad uair!

Turas is very proud of Scoil na Seolta, the first integrated irish-medium nursery and primary school in east Belfast. Turas supports this wonderful school and we are delighted that some our the students art will be seen in Turas for the first time!

Dé Máirt/Tuesday – Turas – 12:00 – 13:00 – Caint ag am lóin/A lunch-time talk

Tabharfaidh Stiofán Carson caint darb ainm ‘Mise, Protastúnaigh agus an Ghaeilge’. Sa chaint seo, labhróidh Stiofán faoin dóigh ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge, faoi ról na bProtastúnach agus an Ghaeilge agus faoin obair a dhéantar in Turas. Caint dhátheangach a bheas ann. 

Stiofán Carson will give a talk called ‘Protestants, the Irish language and me’. In this talk, Stiofán will speak about the way he learnt Irish, about the role of Protestants in the Irish language and about the work that is carried out in Turas. This will be a bilingual talk. 

Dé Céadaoin/Wednesday – Boundary – 19:00 – 23:00 – Tob-Ghaeltacht/Pop-up Gaeltacht

Beidh Tob-Ghaeltacht againn Dé Céadaoin chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh – Fáilte roimh chách. 

We will have a Pop-up Gaeltacht on Wednesday to give an opportunity to people to practice their Irish – All welcome. 

Dé hAoine/Friday – Turas – 18:30 – 21:00 – Ceiliúradh Dheireadh na Bliana/End of year celebration

Déanfaidh muid ceiliúradh ar dheireadh na féile agus ar dheireadh na bliana in Turas. Bronnfaidh Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, teastais agus fáinní ar na daoine ar éirigh leo sna scrúduithe don tsuaitheantas Cúpla Focal agus do na fáinní. 

We will celebrate the end of the festival and the end of the year in Turas. Seán Ó Coinn, the CEO of Foras na Gaeilge will present certificates and fáinní to those who succeeded in their Cúpla Focal and Silver Fáinne exams.

Féile Shomhairle uí Bhrisáin - The Samuel Bryson festival