A chairde
Tá sé doiligh a chreidbheáil nach bhfuil ach cúpla seachtain fágtha roimh dheireadh na bliana.
Críochnóidh muid ar an 13ú lá de mhí an Mheithimh. Mar a bhíonn ann achan bhliain, beidh Cóisir Dheireadh na Bliana againn ar an lá sin idir leath i ndiaidh a sé agus a naoi.
Beidh giota ceoil agus bia ann agus bronnfar na suaitheantais Cúpla Focal agus na fáinní orthu siúd ar éirigh leo sna scrúduithe.
Achan bhliain, bíonn aoi speisialta againn chun na teastais a thabhairt amach agus i mbliana beidh Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge i láthair. Is cara maith do Turas é Seán a thug a lán tacaíochta dúinn thar na blianta agus tá lúcháir orainn go mbeidh sé ann ar an lá seo.
Ar ndóigh, beidh sé iontach deas sibh uilig a fheiceáil sula gcríochnóidh muid don tsamhradh fosta.
It is hard to believe that there are only a few weeks left before the end of the year.
We will finish on the 13th June. As there is every year, we will have a end of year celebration on that day between 6.30 and 9.
We will have some music and food and the Cúpla Focal and Silver Fáinne badges will be awarded to those who passed their exams.
Every year, we have a special guest to give out the certificates and this year, Seán Ó Coinn, the CEO of Foras na Gaeilge will be present. Seán is a good friend of Turas who has given us a lot of support in the past and we are delighted that he will be present on the day.
Of course it will be great to see you all there before we finish for the year as well.