+44 28 9045 8560

Tháinig breis is dhá chéad duine ó phobal Turas le chéile Dé hAoine chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh bliain eile in Turas. Chomh maith lenár bhfoghlaimeoirí, n-oibrithe deonacha, múinteoirí agus mbaill foirne de chuid Turas, bhí daoine ó RTÉ, Raidió Fáilte agus Meon Eile i láthair chun taifeadadh a dhéanamh ar an oíche agus chun agallaimh a dhéanamh le cuid dár bhfoghlaimeoirí.

Chuir ár ngrúpa ceoil tús leis an oíche agus chan siad trí amhrán speisialta i nGaeilge. Ina dhiaidh sin, rinne Linda Ervine cur síos ar an bhliain spéisiúil a bhí againn in Turas.

Ár ngrúpa ceoil

Chuir fear tí na hoíche, Stiofán Carson síos ar ár n-aíonna speisialta, Seán Mac Seáin agus Máire Mhic Sheáin, beirt de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe. Ina dhiaidh sin, thug Máire í féin óráid speisialta faoina taithí leis an Ghaeloideachas i dTuaisceart Éireann. Léirigh Máire gur chuir siad tús leis an scoil mar bhí siad ag iarraidh go mbeadh deis ag a bpáistí foghlaim trí mheán na Gaeilge agus faoi chuid de na dúshláin a bhí romhaibh agus iad ag cur tús leis an scoil, rud a chuir i bhfeidhm ar go leor daoine a bhí i láthair agus iad ag smaoineamh ar ár scoil féin.

Bhí an t-ádh orainn mar thug Máire agus Seán na teastais agus na fáinní do na foghlaimeoirí ar éirigh leo i scéim na bhfáinní. Bronnadh an suaitheantas Cúpla Focal ar chéad duine agus d’éirigh le breis is tríocha duine Fáinne Airgid a fháil fosta.

Chan ár ngrúpa ceoil cúpla amhrán chun deireadh a chur leis an chóisir agus ansin chuaigh cuid ar aghaidh chuig an teach tábhairne áitiúil Boundary. Cuireadh gliondar ar mo chroí nuair a chonaic mé ár bhfoghlaimeoirí, idir óg agus aosta, idir bhunrang agus ardrang, ag baint sult as an oíche le chéile.

Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine.


Over two hundred people from our Turas community gathered on Friday to celebrate the end of another year. In addition to our learners, volunteers, teachers and members of staff from Turas, RTÉ, Raidió Fáilte and Meon Eile were present to film and record the evening and to interview some of our learners.

Our music group (Grúpa Ceoil) started the night off and sang three songs in Irish. Afterwards, Linda Ervine gave an account of the year we’ve had in Turas. 

The host of the night, Stíofán Carson, introduced our special guests, Seán Mac Seáin and Máire Mhic Sheáin, two of the founders of the Shaw’s road Gaeltacht. Afterwards, Máire gave a fantastic speech about her experiences regarding Irish-medium education in Northern Ireland. Máire described that they started the school as they wanted their children to have the opportunity to learn through the medium of Irish and about some of the challenges they faced when starting the school, which resonated with many people that were present when thinking about our own school, Scoil na Seolta.

We were fortunate as Máire and Seán then presented the certificates and fáinní to the learners who were successful in the fáinne exams. One hundred people received their Cúpla Focal badge and over thirty people also managed to earn a Silver fáinne.

Our Grúpa Ceoil sang a few songs to end the evening and then some of those present went on to the local bar, Boundary. I personally was delighted when I saw our learners, both young and old, in beginners classes and advanced classes, sitting together enjoying each other’s company. 

Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. – People live in the shadow of each other

 
Our learners enjoying a drink at Boundary